Tá sé tugtha le fios ag an iarrthóir Uachtaránachta, an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly, go gcreideann sí go bhfuil coireanna cogaidh déanta ag Iosrael agus ag Hamas araon.
Dúirt Catherine Connolly inné gur "cuid d'inneach shaol na bPalaistíneach" is ea Hamas agus is mar shoiléiriú ar an rá sin a cháin sí Hamas inniu, is cosúil.
Thug sí le fios inniu go deimhin, agus í ag labhairt ar RTÉ, gur cháin sí gníomhartha Hamas cheana agus dúirt nach raibh aon ghlacadh leis an ionsaí a rinne lucht airm na heagraíochta sin ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.
Tá súil aici, arsa sí, go dtabharfar Hamas agus Iosrael chun cuntais as na coireanna cogaidh atá déanta acu.
Eagraíocht sceimhlitheoireachta is ea Hamas agus stát sceimhlitheoireachta is ea Iosrael, a dúirt sí.
Dúirt Catherine Connolly freisin go gcaithfí a chur san áireamh gur toghadh Hamas in Gaza an uair dheireanach a bhí toghchán ann agus gur thacaigh formhór mór an phobail leo ag an am.
Dá réir sin, arsa sí, cuid de shochaí shibhialta na Palaistíne is ea Hamas.
Ina dhiaidh sin, tá a bhfuil ráite aici dtaobh Hamas cáinte ag an tAire Stáit Thomas Byrne ó Fhianna Fáil.
Níor chóir go mbeadh glacadh dá laghad ag aon iarrthóir Uachtaránachta le Hamas, ar dúnmharfóirí agus éigneoirí iad, a dúirt sé mar Thomas Byrne.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ