Deir comhairleoirí contae de chuid Dhún na nGall nach bhfuil sé sásúil go bhfuil moill breis agus bliain ar an Roinn Tithíochta ordú Aireachta a dhéanamh chuig an Chomhairle Contae faoi ghnéithe de Phlean Forbartha 2024-2030.
Ina measc seo a deirtear tá maolú ar chosc tithe a thógáil ar bhóithre náisiúnta mar an N56.
Deir an Roinn Tithíochta go bhfuil an obair ag leanacht ar aghaidh go fóill sula ndéanfar an tOrdú Aireachta chuig an Chomhairle.
I mí na Bealtaine anuraidh ghlac comhairleoirí condae Dhún na nGall le Plean Forbartha 2024-2030. Ach bhí cuid den phlean nár aontaigh siad leo. De réir próiseas, chuir an Chomhairle sin in iúil d'Oifig an Rialaitheora Pleanála a chuireann an tAire Tithíochta ar an eolas.
I mí Mhean Fómhair anuraidh d'eisigh an tAire Tithíochta dréacht Ordú Aireachta - nó fógra go bhfuil sé leis an chinneadh deireanach a dhéanamh faoin phlean condae.
Ba mhian leis na comhairleoirí foclaíocht a athrú le cead pleanála a éascú ar bhealach náisiúnta N56.
Tá comhairleoirí míshásta nach bhfuil an tOrdú Aireachta déanta go fóill agus nach dtig leis an chomhairle rialú ar iarratas pleanála ar an bhóthar sin.
Deir an comhairleoir neamhspleách Michael McClafferty, go bhfuil gá anois toscaireacht as an chontae a chur chuig an Roinn Tithíochta lena chur ina luí orthu an gá atá le gníomh ón Aire.
Deir an Comhairleoir neamhspleách, Micheal Cholm Mac Giolla Easbuig nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil daoine ag iarraidh iarratas a dhéanamh le teach a thógáil ar thalamh clainne ar bhóthar an N56 ach nach féidir leis an Chomhailre Contae fiú rialú a dhéanamh faoin cheist- de bhrí nach bhfuil an cheist sin agus ceisteanna eile sa phlean forbartha aontaithe go hiomlán go fóill.
Deir comhairleoir Shinn Féin, John Shéamais Ó Fearraigh go bhfuil easpa tithíochta sa Ghaeltacht agus i gceantair tuaithe agus gur gá don reachtaíocht a bheith soiléir faoi chead pleanála faoin tuath agus in aice le bóithre náisiúnta.
I ráiteas ón Roinn Tithíochta, deir siad go gcaithfidh an tAire cinneadh a dhéanamh an bhfuil gá le Measúnú Straitéiseach Timpeallachta nó Measúnú Cuí a ullmhú mar chuid d'athrú ábharach ar an Phlean Contae.
Socróidh an tAire ansin cén fhad a mhairfidh a leithéid d'obair.
Deir an Roinn go bhfuil an obair le haghaidh Ordú Aireachta do Chomhairle Chontae Dhún na nGall ag dul ar aghaidh go leanúnach.