Tá leagan amach nua ar churaclam na bunscoile foilsithe inniu.
Tiocfaidh sé i bhfeidhm de réir a chéile i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta na tíre ó Mheán Fómhair 2026.
Den chéad uair riamh cuirfear oiliúint ar pháistí Rang 5 agus 6 i dtaca le claonadh gnéis.
Cuirfear béim níos láidre ar chúrsaí folláine i measc dhaltaí chomh maith lena gcuid aclaíochta freisin.
Beidh teanga iasachta á foghlaim freisin ag daltaí ó Rang 5 ar aghaidh.

Ar cheist na dteangacha áfach ní mó ná sásta atá Conradh na Gaeilge leis an leagan amach nua seo ar amchlár na n-ábhar sa bhunscoil.
Deir sé go bhfulaingeoidh an Ghaeilge tuilleadh anois mar gheall ar an laghdú atá beartaithe ar uaireanta teagaisc na teanga.
Is curaclam é seo a thiocfaidh in áit an chinn atá ann le 26 bliain.