skip to main content

'Cibirionsaí a d'fhág aerfoirt le fadhbanna móra'-ENISA

'Cibirionsaí a d'fhág aerfoirt le fadhbanna móra'-ENISA
'Cibirionsaí a d'fhág aerfoirt le fadhbanna móra'-ENISA

Cibirionsaí ba chúis leis an bhfadhb in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus aerfoirt eile i gcathracha na hEorpa le roinnt laethanta anuas.

Sin an ráiteas oifigiúil atá tagtha ó ENISA, áisíneacht cibirshlándála an Aontais Eorpaigh.

Deir sé go bhfuil fiosrúcháin ar bun ag póilíní sna dlínsí áirithe a buaileadh.

I measc na n-aerfort eile a buaileadh bhí Heathrow chomh maith le Beirlín agus an Bhruiséal.

Tá Críochfort 2 d'Aerfort Bhaile Átha Cliath buailte arís ar maidin inniu i dtaca lena chórais seiceáil isteach agus bordála dhe.

Deir Aer Lingus go bhfuil sé ag beartú feidhmiú mar is gnách inniu agus go bhfuil an baol ann go gcuirfear isteach ar roinnt eitiltí.

Tuigtear ag an tráth seo áfach nach gcuirfear aon eitilt ar ceal.