Tá an t-iarrthóir neamhspleách, Gareth Sheridan i ndiaidh a chás seasamh i dtoghchán na hUachtaránachta a ghéilleadh tráthnóna.
Theip ar an bhfear gnó dul i bhfeidhm inniu ar na comhairlí áitiúla do Chontaetha na Mí agus Uíbh Fhailí.
D'admhaigh sé ina dhiaidh sin nach mbeadh dóthain tacaíochta aige a chuirfeadh ar a chumas seasamh sa toghchán.
Níor éirigh leis ainmniúchán a fháil ó Chomhairle Chontae na Mí ar maidin.
Shocraigh móramh 14-13 nach nglacfaí le hiarratas Ghareth Sheridan.
Shocraigh móramh den chomhairle freisin nach gcuirfí aon ainm eile chun cinn ach an oiread.
Agus faoin 3 a chlog tráthnóna inniu chinn Comhairle Chontae Uíbh Fhailí nach gcuirfeadh siadsan aon ainm chun cinn don toghchán céanna.
Níl ach 2 lá fágtha anois ag iarrthóirí leis an tacaíocht chuí a fháil a cheadóidh dóibh a bheith san iomaíocht do thoghchán na huachtaránachta.
Tá dóchas áirithe ag Maria Steen i gcónaí go n-éireoidh léise a hainm a fháil ar an bpáipéar ballóide faoi thráthnóna Dé Céadaoin.
Is thrí bhaill an Oireachtais atá Maria Steen ag lorg a hainmniúcháin siúd.
Tá 13 aicise cheana féin, teastaíonn seachtar eile agus ba mhór an borradh a bheadh fúithi dá bhfaigheadh sí tacaíocht na gceathrar Teachtaí Dála ó Éire Neamhspleách.
Triúr go cinnte atá ag seasamh go dtí seo, is iad sin Heather Humphreys atá curtha chun cinn ag Fine Gael,Jim Gavin iarrthóir Fhianna Fáil agus Catherine Connolly a fuair tacaíocht ó pháiritithe éagsúla sa bhfreasúra,Sinn Féin ina measc.
Dúirt an t-iarrthóir Catherine Connolly nach raibh aon bhaint ag a cuairt le deireanaí ar iarthar Bhéal Feirste leis an tacaíocht atá faighte aici ó pháirtí Shinn Féin.
Beidh ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, agus ceannaire na nDaonlathach Sóisialta,Holly Cairns i measc na gcainteoirí i mBaile Átha Cliath anocht agus a feachtas toghchánaíochta á seoladh go hoifigiúil ag Catherine Connolly.
Ag labhairt ann freisin beidh ceannaire Chomhaontas Glas,Roderic O'Gorman; leascheannaire an Lucht Oibre,Maria Sherlock agus Teachta Phobal Seachas Brabach,Paul Murphy.
Is i gContae an Chabháin atá Heather Humphreys i mbun canbhasála inniu.
Maidir le Jim Gavin, tá cáineadh déanta aigesan ar roinnt teachtaireachtaí a cuireadh in airde ar na meáin shóisialta inar ionsaíodh é féin, a chlann agus cairde leis.
Deir sé nach bhfuil bunús ar bith le líomhaintí atá curtha ar ardáin éagsúla faoi.
Tá litir ghearáin seolta aige chuig comhlachtaí a riarann na teachtaireachtaí ar ghréasáin éagsúla chomh maith le Coimisiún na Meán.