skip to main content

An Taoiseach agus Tánaiste ag mórchruinniú thíortha an UN

Ceannceathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac
Ceannceathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac

Is iad na cogaí san Úcráin agus i Stráice Gaza is mó a bheidh faoi chaibideal ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac a bhfuil tús á chur leis inniu.

I measc na gceannairí domhanda atá i láthair tá An Taoiseach Micheál Martin agus An Tánaiste Simon Harris.

Pléifear réiteach an dá stát i gcás na coimhlinte sa Mheánoirthear agus tuigtear go dtacóidh níos mó ballstáit óna Náisiúin Aontaithe le bunú Stát na Pailistíne.

Inné thacaigh 4 thír leis an réiteach 2 stát, ina measc an Ríocht Aontaithe agus Ceanada.

Tá Iosrael agus na Stáit Aontaithe glan i gcoinne a léithid de shocrú áfach.

Pléifear freisin an bealach a bhfuil aerspás na hEastóine á shárú ag aerfhórsa na Rúise agus iad ag leanacht lena bhfeachtas buamála i gcoinne na hÚcráine.

T.á eagraíocht na Náisiún Aontaithe 80 bliain ar an bhfód i mbliana.