Ghlac na mílte páirt inniu i mór-agóid náisiunta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. CEARTA ab ainm don agóid, agus tháinig daoine ó gach cearn den tír le freastal uirthi.
Mhairseáil na sluaite ó Chearnóg Parnell go dtí Teach Laighean. Bhí grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta páirteach ann, mar aon le scoileanna, mic léinn triú leibhéil, múinteoirí comharchumainn, ceoltóirí agus teaghlaigh.
Bhí CEARTA ar an gcéad agóid náisiúnta dá leithéid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta le breis agus deich mbliana anuas.
I measc na n-éileamh atá acu, tá siad ag lorg maoiniú cothrom, an ceart chun cónaí sa Ghaeltacht, athchóiriú ar an gcóras oideachais, agus comhlíonadh cearta teanga a gealladh le fada, a dúirt Conradh na Gaeilge inniu.
I ráiteas a chuir an Roinn Forbartha Tuaithe 's Pobail agus Gaeltachta ar fáil inniu, dúirt an tAire Dara Calleary go bhfuil sé ag díriú faoi láthair ar níos mó maoinithe a fháil don teanga agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2026. Thug sé le fios freisin go bhfuil ardú tagtha ar infheistíocht sa teanga le cúig bliana anuas.

ó ardán
"Tá sé fíor go bhfuil nios mó maoinithe againn anois. Ach tá an méid sin fíor i gcás gach earnála" a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag an agóid inniu. "Tá sé furasta ‘níos mó' a bheith agat nuair atá an túsphointe chomh híseal ar dtús. Ní chaitheann an rialtas ach 0.1% de chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá sé sin scanallach agus agus níl aon rogha eile anois seachas ardú radacach a dhéanamh ar an maoiniú."
Díríodh freisin le linn na hagóide ar chearta teanga ó thuaidh. Is brúghrúpa ar son na teanga i dTuaisceart Éireann é An Dream Dearg. Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa sin, Ciarán Mac Giolla Bhéin - atá ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge faoi láthair freisin – gur in ainneoin an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a bheith i bhfeidhm ó thuaidh le cúpla bliain anuas, tá na cearta atá geallta ann mall ag teacht, agus an DUP de shíor ag cur bac ar aon dul chun cinn sa réimse sin, a dúirt sé.
Tá easpa tithíochta sa Ghaeltacht ina bagairt mhór don teanga freisin, agus go leor airde dírithe le cúpla bliain ar an ngrúpa BÁNÚ. Dúirt bunaitheoir na heagraíochta sin, Adhna Ní Bhraonáin, inniu:
" Tógadh i gcroílár Ghaeltacht Chonamra mé, áit ar labhair muid an Ghaeilge amháin - sa bhaile, ar scoil, i gcúrsaí spóirt, sa cheol, i ngach gné den saol. Tá an saibhreas sin anois faoi bhagairt. Tá daoine óga á ndíbirt mar nach féidir leo tithe a fháil ina bpobail féin. Gan tithe, ní féidir pobail a bheith ann agus gan pobail Ghaeltachta, ní mhairfidh an teanga."
Tarraingíodh aird freisin i rith na hagóide ar líon na ndíolúintí atá á mbronnadh ar dhaltaí scoile ón teanga a fhoghlaim – duine amháin as gach 20 dalta – agus ar an éileamh atá ar áiteanna i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí, thuaidh agus theas.