skip to main content

18 mac léinn ag fanacht i dteach dhá sheomra leapan i Luimneach

Deir Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Theicneolaíochta na Sionainne go bhfuil siad ag déileáil leis an gcás "is measa riamh de loistín atá curtha ar fáil do mhic léinn" i Luimneach.

Bhí suas le 18 mac léinn idirnáisiúnta ag fanacht i dteach nach raibh ann ach dhá sheomra leapan.

I seomra amhaín ta cheithre cinn de leapacha singil curtha isteach ann agus gan ach cúpla órlach idir gach leaba.

I seomra eile tá dhá leaba singil agus córfa mar dheighilt eatarthu.

Tá aon chistin amháin sa teach le roinnt idir na tionóntaithe. Go dtí le deanaí ní raibh ann ach aon leithreas amháin. Tá dhá cheann eile curtha isteach le déanaí.

Dúirt duine de na mic léinn le Nuacht TG4 go bhfuair sé an teach ar shuíomh idirlín agus gur tugadh le fios do nach mbeadh ach suas le seisear ag fanacht ann.

"Ach nuair a tháinig mé go dtí an teach bhí scuaine ag feitheamh le seomraí agus ní rabhas ábalta mo chosa a tharrac ag málaí agus leapacha", a dúirt sé.

"Bhí an-diomá ar fad agus brón orm gur thárla sé seo dom", a dúirt sé.

Bhí éarlais €500 agus €500 díolta aige mar chios míosa, a dúirt sé.

"Tá sé an deacair maireachtáil faoi na coinníolacha seo", a dúirt sé.

Tá Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne curtha ar an eolas faoin gcás.

Dúirt leas-uachtarán Aontas na Mic Léinn sa choláiste Gearóid Folan, gurbh é seo an cás is measa atá feicthe acu riamh den drochloistín do mhic léinn.

"Tá sé do-chreidte agus náireach gur tharla sé seo", a dúirt sé.

Tá ag coláiste ag iarraidh tacú leis na mic léinn teacht ar mhalairt loistin fé láthair. Tá éirithe léotha loistín a fháíl do bheirt. Tá seisear déag fós sa teach.

Dúirt Ollscoil Luimnigh go rabhadar san leis ar an eolas fé chruachás na mac léinn agus go rabhadar san ag tacú léo chomh maith.

Rinne Nuachtf TG4 iarracht teangmháil a dhéanamh leis an té atá ag ofráil an tí ar cíos ach ní bhfuarthas aon fhreagra go fóill.