skip to main content

Fear básaithe tar éis timpiste ar an N17

Bhásaigh fear sna 20aí ar maidin tar éis do charr agus veain bualadh faoina chéile ar an teorainn idir Ghaillimh agus Mhaigh Eo.

Ar an N17 gar don Droim a tharla an eachtra, go luath tar éis a 8 inniu.

Fógraíodh ar an láthair go raibh tiománaí an chairr marbh. Déanfar scrúdú iarbháis ar a chorp san Ospidéal Ollscoile, Gaillimh.

Gortaíodh tiománaí an veain go dona san eachtra agus tugadh ar heileacaptar chuig an ospidéal. Fear sna 50aí é siúd.

Tá an bóthar idir Bhaile an Mhuilinn, Gaillimh agus Baile an Daighin, Maigh Eo dúnta le gur féidir scrúdú dlíeolaíoch a dhéanamh ar an láthair.

Tá an trácht á chur ar malairt slí ar an taobh ó thuaidh de Thuaim agus i mBaile an Daighin.

Tá finnéithe don eachtra á lorg ag na Gardaí, go háirithe aon duine a bhí ag dul an bhealaigh idir 7:45 agus 8:45 ar maidin agus aon duine a bhfuil físeán daiscam acu.

Is féidir dul i dteagmháil le Gardaí Thuama ar 093 70840, ar Líne Rúnda an Gharda 1800 666 111, nó chuig stáisiún ar bith eile Garda.