skip to main content

1,700 imeacht ealaíne saor in aisce don phobal anocht

Breis agus 1,700 imeacht ealaíne atá ar fáil saor in aisce don phobal anocht agus An Oíche Cultúir ar bun ar fud an Stáit don 20ú uair inniu.

San ardchathair a thosaigh an Oíche thiar in 2006 mar bhealach le daoine nua a mhealladh chuig forais cultúír Bhaile Átha Cliath.

Dhá bhliain níos deireanaí, bhí an nós scaipthe ar fud chathracha agus bhailte na tíre.

I measc na n-imeachtaí atá saor in aisce tá ceolchoirmeacha, ceardlanna, turais, taispeántais, agus tobimeachtaí.

Go deimhin, tá gné idirnáisiúnta ag baint leis an oíche agus imeachtaí ar bun in ionaid chultúir Éireannacha ar fud an domhain.

Le gairid, ta fás tagtha ar an líon imeachtaí atá ar bun níos deireanaí san oíche le borradh a chur faoin earnáil fáilteachais óíche.

Dar leis an Aire Cultúir Patrick O'Donovan, go mbeidh an Oíche Cultúír ag soilsiú ar fud sráidbhailte, bailte agus cathracha ar fud na hÉireann, agus mhol sé go láidir do dhaoine an deis iontach a thapú blaiseadh de na healaíona de gach cineál.