skip to main content

Comhbheartas fógartha faoi oidhreacht na dTrioblóidí

Foilsíodh inniu comhbheartas idir rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann sa Tuaisceart , le dul i ngleic le ceisteanna stairiúla ó aimsir na dTrioblóidí.

Mar chuid den chomhbheartas, tá tiomantas ón dá rialtas reachtaíocht a rith chun athruithe atá aontaithe a thabhairt i bhfeidhm.

Rinne athainmniú ar an bhforas iniúchta ar bhain conspóid leis ó bunaíodh é.

An Coimisiún Oidhreachta a thabharfar feasta ar an Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aisghabháil an Eolais. Bunaíodh an comhisiún de bhun Achta Oidhreachta Westminster, acht a bhí conspóideach riamh anall.

Beidh an coimisiún á leasú agus cead anois aige imscrúduithe a dhéanamh ar chásanna agus ionchúisimh a thionscnamh de bhun na fianaise más gá.

Beidh foras eile ar leith ann, an Coimisiún Neamhspleách um Aisghabháil an Eolais (ICIR) a thabharfaidh tuarascálacha do theaghlaigh.

Ach beidh socrú ann faoina gcoinneofar siar ó chásanna coiríúla, aon eolas a bhaileoidh an ICIR ó ionadaithe na ngrúpaí paramíleatacha. Seo socrú a bhí ann cheana i gcás Choimisiún na nDaoine Fuadaithe.

Cinnteoidh an Rialtas go gcuirfear sa reachtaíocht go gcomhoibreoidh údaráis an Stáit an oiread is féidir leis na hinstitiúidí leasaithe ó thuaidh, agus go gcuirfear imscrúduithe ar bun ó dheas.

Bunófar Aonad Oidhreachta in An Garda Síocána mar phointe teagmhála ar leith do na cásanna seo.

Tá comhaontú nua fógartha ag rialtais na hÉireann agus na Breataine maidir le déileáil le hoidhreacht Thrioblóidí Thuaisceart Éireann.

Dúirt an Tánaiste Simon Harris seoladh an chomhbheartais inniu gur "deis neamhfhoirfe" é an Creat nua chun difríocht cheart a dhéanamh do theaghlaigh atá d'fhulaing bás a muintire sna Trioblóidí.

Dúirt sé go bhfuil teaghlaigh ag fanacht rófhada leis an bhfírinne agus leis an bhfreagracht agus go bhfuil a fhios aige go dtógfaidh sé tamall muinín na ndaoine sin a thuilleamh.

Dúirt an Taoiseach gur deis shuntasach í an comhaontú dul ag obair le rialtas na Breataine agus dul a obair le teaghlaigh agus íospartaigh na dTrioblóidí go tráthúil.

Áirítear leis an gcreat oidhreachta nua beart cosaintí speisialta d'iar-shaighdiúirí de chuid na Breataine a chaith sealanna i dTuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí.

Tá an dá rialtas i mbun cainteanna faoi cheist chonspóideach an Achta Oidhreachta, agus thionscnaigh an Rialtas cás in aghaidh na Ríochta Aontaithe i gCúirt Eorpach na gCearrta Daonna, ar an mbonn gur sháraigh an tAcht an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta Daonna.

Gheall Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer ar theacht in oifig dó go ndéanfaí aisghairm ar na Acht agus go leasófaí é.