skip to main content

Teaghlach altrama 'croíbhriste' ag imeacht Daniel ar iarraidh

Daniel Aruebose i bpictiúr a chuir a theaglach altrama ar fáil
Daniel Aruebose i bpictiúr a chuir a theaglach altrama ar fáil

Deir an teaghlach altrama a thug aire do Daniel Aruebose sna chéad 18 mí dá shaol go bhfuil siad 'croíbhriste' gur imigh sé gan tásc ná tuairisc.

D'inis a dheirfiúr altama don Journal go raibh siad síoraí seasta ag cuimhneamh air nuair a d'fhill sé ar a mhuintir, agus gur airigh siad uathu go mór é.

Dúirt sí gur bhreá leis bheith ag damhsa agus ag canadh, agus gur chuid thábachtacht dár dteaghlach é.

Sna pictiúir óna theaghlach altrama, feictear Daniel ina leabh álainn atá sona agus sláintiúil.

Ach chuaigh Daniel ar iarraidh breis agus ceithre bhliana ó shin, agus é thart ar thrí bhliana d'aois. Níor tháinig sin chun solais go dtí roinnt seachtaine ó shin agus thosaigh na Gardaí i mbun dhianchuardaigh.

Thángthas ar thaisí cnámharlaigh inné ar shuíomh a bhíothas á chuardach le coicís, ar bhóthar Phort Reachrann i nDomhnach Bát, gar don áit a raibh cónaí ar Daniel.

Táthar ag súil go n-aistreofar na taisí ón suíomh inniu le scrúdú iarbháis a dhéanamh orthu, rud a dhéanfar go stuama agus go híogair.

Beidh paiteolaí péidriatrach i mbun an scrúdú iarbháis féachaint le húdar a bháis a dheimhniú. Ina dhiaidh sin déanfar na taisí a aithint go hoifigiúl agus tabharfaidh sin sin treo don bhfiosrúchán a leanas é.

Bhí sé ráite le Gardaí go bhfuair Daniel bás nádúrtha agus gur adhlacadh é go rúnda ina dhiaidh sin.

Bhí cónaí ar Daniel in árasáin The Gallery i nDomhnach Bát sular imigh sé ar iarraidh agus tá scrúdú dlíeolaíocht déanta ar an árasán. Ach fós féin tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhí ag conaí ann tréimhse ar bith ó 2019 i leith.

Tusla a chuir scéala chuig na Gardaí go raibh Daniel ar iarraidh nuair a chuir an Roinn Coimirce Sóisialta in iúl don bhforas cosanta leanaí go raibh iarratas mírialta déanta ar íocaíochtaí tacaíochta leanaí.

Tá sé deimhnithe ag Tusla go raibh plé acu cheana le Daniel agus lena mhuintir.