Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint den chinedhíothú atá siad a dhéanamh ar Phalaistínigh Gaza agus iad ag déanamh leircín dá bhfuil fanta de Chathair Gaza.
Tá na hIosraelaigh ag smísteáil lár na cathrach ó mhaidin inné agus rún acu, de réir dealraimh, go fiú agus fhuíoll an áir a dhísciú agus an spruadar féin a mhionchaitheamh tuilleadh.
D'fhógair na hIosraelaigh ar maidin inniu go raibh "bearna éalaithe" oscailte acu le haghaidh daoine atá ag iarraidh teitheadh ón ár – gníomh grásta nach bhfuil mórán teilgin ann agus a deir siad nach leanfaidh ach go ceann atha ghairid, dhá lá ar a mhéad.
Tá na hIosraelaigh ag comhairliú do mhuintir na cathrach aghaidh a thabhairt ó dheas agus baint fúthu i gceantar sábháilte mar dhóigh de, ar cró daonna é i ndáiríre arbh fhurasta do na hIosraelaigh daoine a sháinniú ann go fóill agus a dhíbirt as ar deireadh, de réir mar atá tugtha le fios go neamhbhalbh acu féin.
Dar leis na Náisiúin Aontaithe, bhí thart ar mhilliún duine ina gcónaí i gCathair Gaza agus sa cheantar máguaird ag deireadh na míosa seo caite ach áirítear 350,000 duine acusan a bheith teite ó shin, gan trácht ar an uimhir gan áireamh a maraíodh idir dhá linn.
Maíonn na hIosraelaigh gur le dúil lucht airm Hamas a bhású atá Cathair Gaza á púdrú acu.
As an tuairim is 650,000 duine atá ina gcónaí sa chathair go fóill, áfach, deir na hIosraelaigh féin nach bhfuil ach suas le 3,000 comhalta de Hamas ina measc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ