skip to main content

Beirt cúisithe i ndúnmharú fir i Lios na gCearrbhach

Barry Furfey a bhfuil beirt cúisithe ina dhúnmharú i Lios na gCearrbhach
Barry Furfey a bhfuil beirt cúisithe ina dhúnmharú i Lios na gCearrbhach

Tugadh fear agus bean os comhair cúirte in Craigavon inniu agus iad cúisithe i bhfear 42 bliain d'aois a dhúnmharú i Lios na gCearrbhach i gCo Aontroma arú inné.

Fuarthas Barry Furfey gan mheabhair gan arann in árasán ar an mbaile sin go moch ar maidin inné agus bhásaigh sé san ospidéal níos deireanaí de bharr na ngortuithe a bhain dó.

Is iad an bheirt ata cúisithe ina dhúnmharú Melissa Atkinson, 38 bliain d'aois as Lios na gCearrbhach, agus Jamie Spence, 37 bliain d'aois, nach bhfuil seoladh baile seasta aige.

Dúradh sa chúirt gur léirigh scrúdú iarbháis gur gortuithe a bhain dá cheann agus dá easnacha ba thrúig bháis do Barry Furfey.

Cuireadh siar faoi choinneáil an bheirt chúisithe agus tabharfar os comhair cúirte arís iad ar an 13 Deireadh Fómhair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ