I nDáil Éireann, d'iarr an Ceann Comhairle Verona Murphy ar Theachtaí Dála cur le chéile agus gníomhú in aghaidh na drochíde ar líne a thugtar do pholaiteoirí agus in aghaidh na mbagairtí a dhéantar orthu go minic leis.
Is ag dul in olcas atá cúrsaí agus tá cuid de na bagairtí dáiríre agus tromchúiseach, arsa sí.
Dúirt Verona Murphy gur ó chuntais ar líne neamhdheimhnithe a thagann cuid den drochíde, chomh maith le hardáin a chothaíonn insint ar scéal a chuireann an fhírinne as a riocht.
Thug sí le fios freisin go raibh imní uirthi faoi shábháilteacht polaiteoirí agus dúirt go bhféadfadh an mí-iompar daoine maithe a chur ó dhul leis an bpolaitíocht san am le teacht.
D'iarr an Ceann Comhairle cruinniú le ceannairí na bpáirtithe agus na ngrúpaí éagsúla sa Dáil go bhféachfaí le teacht ar chomhaontú faoin mbealach is fearr le dul i ngleic leis an drochíde.
Tá sí den bharúil, a dúirt sí, go dteastaíonn reachtaíocht leis an bhfadhb a réiteach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ