Tá Iontaobhas Peter McVerry le 54 áras dá chuid a thabhairt ar láimh don Stát mar chuid de shocrú a rinneadh idir é agus an Rialtas dhá bhliain ó shin.
Baineann an scéal le hiasacht éigeandála de €15 milliún a thug an Rialtas don charthanas tithíochta in 2023.
An luach céanna – €15 milliún – atá sa mhaoin atáthar le tabhairt ar láimh don Stát mar aisíocaíocht.
Tuigtear go bhfuil 27 áras le tabhairt ar láimh gan mhoill do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ach go bhfuil roinnt obair riaracháin le déanamh fós i dtaca leis an 27 eile.
I bhfiosrúchán a rinne RTÉ anuraidh, tháinig sé chun solais go raibh rialacha corparáideacha sáraithe ag Iontaobhas Peter McVerry.
Fuarthas amach gur ligeadh teach ar léas do theaghlach cara leis an bpríomhfheidhmeannach Pat Doyle, cé nach raibh an duine sin ina theideal.
Ina cheann sin, lámháladh conradh bliantúil arbh fhiú €200,000 é don chara céanna gan gairm ar thairiscintí a chur amach.
Cáineadh go láidir an eagraíocht freisin in dhá thuarascáil éagsúla ón Rialálaí Carthanas agus ón Rialálaí Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ