skip to main content

Cnámhiarsmaí faighte ar thalamh bán i nDomhnach Bat

Níl tásc ná tuairisc ar Daniel Aruebose ó 2021 nuair a bhí sé trí bliana d'aois
Níl tásc ná tuairisc ar Daniel Aruebose ó 2021 nuair a bhí sé trí bliana d'aois

Tá cnámhiarsmaí faighte ag Gardaí atá ag cuardach do pháiste óg atá ar iarraidh i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le ceithre bliana.

Fuarthas na cnámhiarsmaí ar thalamh gan saothrú ar Bhóthar Phort Reachrann i nDomhnach Bat.

Creideann na Gardaí gur iarsmaí Daniel Aruebose atá iontu, buachaill trí bliana d'aois a raibh cónaí air in Árasáin an Ghailearaí i nDomhnach Bat nuair a chonacthas é go deireanach in 2021.

Tá an áit a bhfuarthas na hiarsmaí caomhnaithe ag na Gardaí agus tá fios curtha acu ar phaiteolaí Stáit agus ar antraipeolaí fóiréinseach.

Bhí an buachaill curtha sa talamh agus tógfar na hiarsmaí aníos níos moille.

Thug na Gardaí le fios roimhe seo gur chreid siad go raibh an buachaill marbh ach dúirt siad nach raibh siad cinnte de ar dúnmharaíodh é, ar de thaisme a maraíodh é nó ar imigh óspairt éigin eile air.

Is é an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Tusla, a chuir cás an bhuachalla ar a súile do na Gardaí ag dul chun trí seachtaine ó shin.

Is cosúil gur tháinig an chúis chun solais nuair a rinneadh iarratas ar íocaíocht leasa shóisialta.

Nuair a fiosraíodh an t-iarratas tuilleadh, áfach, fuarthas amach nach raibh aon chruthúnas ann go ndeachaigh an buachaill ar scoil riamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ