Tá ainmniúchán don toghchán Uachtaránachta faighte ag an bhfear gnó Gareth Sheridan ó Chomhairle Contae Thiobraid Árann.
Vótáil seacht gcomhairleoir déag ar a shon agus triúr ina aghaidh. Staon sé chomhairleoir déag agus bhí ceathrar eile as láthair.
Fuair an Sirideánach ainmniúchán ó Chomhairle Contae Chiarraí inné ach ní mór dó tacaíocht a fháil ó dhá údarás áitiúla eile fós sula bhféadfaidh sé a bheith ina iarrthóir.
Roimh an vóta i dTiobraid Árann inniu, d'iarr sé ar chomhairleoirí contae gan breathnú ar a uaillmhian mar bháire baoise.
Tar éis an tsaoil, arsa sé, nach raibh iarrthóir gan aon dintiúir pholaitíochta roghnaithe ag an Taoiseach féin!
35 bliain d'aois atá Gareth Sheridan agus is as Tír an Iúir i mBaile Átha Cliath é.
In 2011, agus é fós ina mhac léinn, bhunaigh sé an comhlacht Nutriband a bhí faoi rath ar feadh tamaill ach atá ag cailleadh airgid faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ