skip to main content

Iarratais pleanála a ceadaíodh sa dara raithe de 2025 tite go mór

7,447 áras cónaithe nua a ceadaíodh idir Aibreán agus Meitheamh i mbliana
7,447 áras cónaithe nua a ceadaíodh idir Aibreán agus Meitheamh i mbliana

Léiríonn figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le hiarratais ar árais chónaithe a thógáil go raibh laghdú de 12.5% ar an líon iarratas a cheadaigh na húdaráis áitiúla sa dara ráithe de 2025 i gcomórtas leis an ráithe chéanna anuraidh.

Is 7,447 áras cónaithe nua a ceadaíodh idir Aibreán agus Meitheamh i mbliana le hais 8,513 sa tréimhse chéanna in 2024.

Mar le hárasáin, is laghdú de 21.4% a bhí i gceist agus is laghdú de 6.4% a bhí i gceist i dtaca le tithe de.

Léíríonn na figiúirí is deireanaí freisin gur tithe ab ea 63% den 7,447 áras cónaithe ar tugadh cead pleanála dóibh idir Aibreán agus Meitheamh agus gur árasáin a bhí sa 37% eile.

Is i mBaile Átha Cliath a ceadaíodh an líon is mó iarratas ar áras cónaithe a thógáil dara ráithe, mar a bhí, 24% den 7,447.

Mar sin féin, ar bhonn bliantúil, bhí laghdú de 35.5% sa líon áras cónaithe nua a ceadaíodh i mBaile Átha Cliath.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ