skip to main content

Tús leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i gCo Uíbh Fhailí

Comórtais, taispeántais agus siamsaíocht i lár tíre as seo go ceann trí lá
Comórtais, taispeántais agus siamsaíocht i lár tíre as seo go ceann trí lá

Cuireadh tús inniu leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta sa Screagán i gCo Uíbh Fhailí, an tóstal faoin aer is mó san Eoraip a meastar go bhfreastalóidh 300,000 duine air as seo go ceann trí lá.

Is é Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins a chuir tús oifigiúil leis an ócáid, an uair dheiridh a bheas an cúram sin air agus é le n-éirí as oifig i mbliana.

Comórtais, taispeántais, díol, ceannach, aeraíocht agus bachram a bheas ar siúl ag an móraonach i lár tíre a mbíonn feirmeoirí ag triall air ina dtáinte gach uile bhliain.

Chomh maith leis an súgradh, beidh an dáiríre ann freisin agus a bhfuil i ndán don earnáil talmhaíochta le criathrú ag feirmeoirí agus a n-ionadaithe i bhfianaise na socruithe trádála idirnáisiúnta is deireanaí, go háirithe comhaontú Mercosur.

Creideann feirmeoirí go bhféadfadh an comhaontú sin an-dochar a dhéanamh don earnáil mairteola agus éineola in Éirinn.

Tá imní ar fheirmeoirí freisin go gcuirfear deireadh go luath leis an socrú faoi leith atá acu maidir leis an méid níotráití a chuireann siad ar a gcuid talaimh.

Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh orthu níos lú níotráití a chur ar an talamh feasta de ghrá an chomhshaoil, ach maíonn na feirmeoirí nach bhfuil gá leis an laghdú atá molta agus caighdeán an uisce sa tír seo chomh hard anois.

Chomh maith leis an Uachtarán Higgins, na daoine atá ag iarraidh teacht ina áit, tabharfaidh siad féin sciuird ar an aonach sa Screagán ag tráthanna éagsúla an tseachtain seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ