skip to main content

'Cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael in Gaza' – Náisiúin Aontaithe

Buachaill bliain go leith d'aois a bhásaigh leis an ocras á chaoineadh ag a mhuintir, Khan Younis, 16 Meán Fómhair 2025
Buachaill bliain go leith d'aois a bhásaigh leis an ocras á chaoineadh ag a mhuintir, Khan Younis, 16 Meán Fómhair 2025

Tá sé dearbhaithe ag coimisiún fiosrúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil Iosrael ag déanamh cinedhíothú ar Phalaistínigh Gaza.

Bhunaigh Comhairle Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe an coimisiún neamhspleách le gníomhartha Iosrael in Gaza a fhiosrú ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, go háirithe an dlí a bhaineann le cúrsaí daonnúlachta agus cearta daonna.

Sa tuarascáil a d'fhoilsigh an coimisiún fiosrúcháin inniu, dearbhaítear go ndearna údaráis agus fórsaí míleata Iosrael ceithre cinn de na cúig ghníomh shainiúla a chuimsíonn an ní is cinedhíothú ann de réir Choinbhinsiún na Ginéive 1948.

Is iad na ceithre ghníomh sin ollmharú toiliúil; mórdhíobháil choirp nó intinne; a chur thar chumas daoine beatha a bhaint le dúil a ndísciú; agus beartais a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach mbéarfaí leanaí.

Deirtear sa tuarascáil go léiríonn a bhfuil ráite agus déanta ag údaráis shibhialta agus mhíleata Iosrael araon le dhá bhliain go ndearnadh gníomhartha áirithe in Gaza le rún cinedhíothú a dhéanamh ar Phalaistínigh an limistéir.

Tarraingítear aird faoi leith sa tuarascáil ar thriúr Iosraelach, mar atá, Uachtarán Iosrael Isaac Herzog, an Príomh-Aire Benjamin Netanyahu agus an tAire Cosanta Yoav Gallant, agus cuirtear ina leith gur ghríosaigh siad daoine chun cinedhíothú a dhéanamh.

Cuirtear i leith údaráis Iosrael go ginearálta nach ndearna siad iarracht bac ar bith a chur ar an triúr sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ