Tá beirt fós á gceistiú ag na póilíní sa Tuaisceart faoi dhúnmharú fir 42 bliain d'aois i Lios na gCearrbhach i gCo Aontroma.
Fuarthas Barry Furfey gan mheabhair gan arann i dteach ar an mbaile sin go moch ar maidin inné agus bhásaigh sé san ospidéal níos deireanaí de bharr na ngortuithe a bhain dó.
Gabhadh bean 38 bliain agus fear 37 bliain inné ar amhras gur dhúnmharaigh siad Barry Furfey agus tá siad faoi choinneáil ag na póilíní go fóill.
Tá comhbhrón déanta le muintir Uí Fhoirfigh ag ionadaithe áitiúla ó Shinn Féin, ón SDLP agus ó Pháirtí na Comhghuaillíochta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ