skip to main content

An t-aisteoir aitheanta Robert Redford tar éis bháis

Robert Redford i bpáirt Bob Woodward in All the President's Men (1976)
Robert Redford i bpáirt Bob Woodward in All the President's Men (1976)

Tá an t-aisteoir aitheanta Hollywood Robert Redford tar éis bháis in aois a naoi mbliana agus ceithre scór.

Ba stiúrthóir scannán é chomh maith Robert Redford agus bhí sé bainteach le Hollywood le breis agus trí scór bliain.

Is iomaí gradam a bhuaigh sé i gcaitheamh na mblianta sin, lena n-áirítear an tOscar a bronnadh air as an stiúradh a rinne sé ar Ordinary People i 1980.

Mar aisteoir, bhain sé cáil idirnáisiúnta amach as na páirteanna móra a bhí aige i leithéidí Butch Cassidy and the Sundance Kid, The Sting, The Candidate, All the President's Men, Three Days of the Condor, The Natural, Out of Africa agus scannáin nach iad.

Thacaigh sé le scannánóirí neamhspleácha sna Stáit Aontaithe agus bhunaigh sé Féile Sundance sna seachtóidí le deis a thabhairt dóibh a gcuid saothar a chur i láthair an phobail.

Ó thaobh na polaitíochta de, dúirt sé gur liobrálaí a bhí ann, mhaoinigh sé tograí comhshaoil agus thug sé le fios nár thaitin Donald Trump leis.

Bhí sé pósta faoi dhó agus maireann a chéad bhean chéile Lola Van Wagenen, beirt den cheathrar clainne a bhí acu agus a dhara bean chéile Sibylle Szaggars.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ