Tá cruinniú éigeandála ag stáit Arabacha agus Ioslamacha i gCatar inniu.
Tá siad ag plé ionsaí na seachtaine seo caite a rinne Iosrael i gcathair Doha.
Léirigh siad araon comhbhá le Catar as an ionsaí sin a tharla ar an 9Meán Fómhair.
Tá imní mhór léirithe ó shin go leathnóidh an chogaíocht anois sa Mheánoirthear.
Thosaigh an chogaíocht seo is deireanaí thall ansin a bhuíochas don ruathar a thug Hamas isteach i ndeisceart Iosrael i nDeireadh Fómhair 2023, ag marú suas le 1,200 duine agus ag tógáil breis is 250 duine mar ghiall.
Tá Iosrael ag tabhairt ruathair faoi Gaza ó shin agus suas le 64,000 duine maraithe aige de réir údaráis sláinte na bPailistíneach.
Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu inniu nach raibh sé ag cur aon ionsaí eile ar threallchogaithe Hamas as an áireamh, 'beag beann ar an áit a mbíonn siad'.
Bhuail seisean le Stát-Rúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, in Iosrael inniu.
Gheall Marco Rubio tacaíocht iomlán do spriocanna míleata atá ag forsaí Iosrael i Gaza agus d'éiligh sé go scaoilfeadh Hamas gach giall saor agus go ngéillfeadh siad.
Tá sé i gceist ag Rubio taisteal go Catar níos deireanaí.
Mhol Benyamin Netanyahu an tacaíocht ó Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump.
Níl aon deireadh leis an marú i Stráice Gaza agus tá ar a laghad seacht nduine dhéag eile de mhuintir na Palaistíne maraithe ag fórsaí Iosrael ansin inniu.
I gcroílár Gaza, bhí sluaite le feiceáil ag teitheadh ó bhuamáil Iosrael, na hionsaithe ag leanacht ar aghaidh gan stad ná staonadh.
Scrios Iosrael scór foirgneamh i gCathair Gaza, agus dar le hoifigigh shláinte áitiúla maraíodh 17 dá thoradh.
Deir Iosrael go bhfuil sé ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar Ghaza mar chuid dá phlean chun Hamas a scriosadh go hiomlán, agus go bhfuil sé ag moladh do shibhialtaigh dul ó theas chun tearmann a fháil.
Thug na Náisiúin Aontaithe rabhadh áfach go bhfuil na gníomhartha seo ag cur le 'díláithriú éigeantach' agus go bhfuil na coinníollacha sa chrios daonnúil ó dheas úafásach le ganntanas géar bia.