skip to main content

Comhairle amháin ag beannú do Sheridan

Gareth Sheridan atá fós gann 3 chomhairle le seasamh sa toghchán
Gareth Sheridan atá fós gann 3 chomhairle le seasamh sa toghchán

Tá Comhairle Chontae Chiarraí i ndiaidh glacadh leis an iarrthóir neamhspleách Gareth Sheridan le seasamh i dtoghchán na huachtaránachta.

Is í an chéad chomhairle sa tír í an babhta seo lena beannacht a thabhairt d'iarrthóir seasamh sa toghchán.

Teastaíonn tacaíocht thrí cinn eile anois ó Ghareth Sheriden chun go mbeidh sé in ann a ainm a chur ar an bpáipéar ballóide.

Níor éirigh leis tráthnóna áfach ainmniúchán a fháil ó Chomhairle Contae Laoise.

Mhol an Comhairleoir Neamhspleách Aisling Moran go gcuirfí ainm Sheridan chun cinn le dul san iomaíocht ach vótáil 11 de na 19 comhairleoirí ina choinne.

Dúirt an Comhairleoir Moran i ndiaidh na vótála go raibh sárú Ghareth Sheridan i gcoinne spiorad an daonlathais

Tá Gareth Sheridan le teacht os comhair na gcomhairleoirí i dTiobraid Árann amárach.

Tá beirt eile freisin ag santú beannacht na gcomhairlí áitiúla le gur féidir leo seasamh mar neamhspleách sa toghchán seo a bheidh ar siúl ar an 24Deireadh Fómhair.

Labhróidh Nick Delehanty ag cruinnithe de chuid chomhairlí na hIarmhí,na Gaillimhe agus Ros Comáin níos deireanaí agus beidh Maria Steen os comhair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae an Longfoirt.

Tá an t-iardhornálaí MMA,Conor McGregor tar éis a ainm siúd a tharraingt siar.