skip to main content

Fianna Fáil i gCorcaigh inniu

Lá eile gnóthach ag Fianna Fáil inniu
Lá eile gnóthach ag Fianna Fáil inniu

Is i gcathair Chorcaí atá Páirtí Parlaiminte Fhianna Fáil inniu dá dteacht le chéile sula gcuirtear tús leis an téarma nua Dála arú amárach.

Labhair ceannaire Fhianna Fáil,Micheál Martin le teachtaí, seanadóirí agus feisirí Eorpacha an pháirtí.

Ní raibh sé ach díreach tagtha ag an ionad áfach nuair a tháinig bean roimhe a bhfuil géarghá ag a hiníon le hobráid corróige a bhfuil ard-chostas ag baint leis.

Sin í Antoinette Burke a dteastaíonn obráid óna hiníon Katie.

Tá ospidéal i Meiriceá sásta an obráid a dhéanamh ar chostas €300,000, airgead nach bhfuil ag muintir an chailín is léir ná aon duine a bhaineann leo.

Deir Micheál Martin go bhfuil na nótaí leighis bainteach leis an gcás faoina bhráid, ach go bhfuil tuairimí léirithe dó ag comhairleoirí leighis go mba fhéidir gur mó dochair ná maitheas a dhéanfadh an obráid don chailín óg.

'Is scéal an-chasta go deo é' a dúirt ceannaire Fhianna Fáil, An Taoiseach Micheál Martin.

Ag preasagallamh níos deireanaí dúirt Micheál Martin go ndeachaigh sé ó mheabhair air cén fáth a ndeachaigh Comhairle Contae Chill Mhantáin siar ar chinneadh ath-zónála ar stráice talún a raibh sé i gceist suas le 3,000 teach cónaithe a thógáil air.

Tá polasaithe áirithe á gcíoradh ag an bpáirtí ó mhaidin, ina measc tithíocht,an eacnamaíocht,tacaíochtaí leasa shóisialaigh,cearta dóibh siúd ar mhíchumas chomh maith le leasú ar an bpolasaí inimirce.

Tá an t-iarrthóir uachtaránachta a bhfuil tacaíocht an pháirtí aige,Jim Gavin i láthair ag an teacht le chéile chomh maith.