skip to main content

An Tánaiste ag deifriú Choimisiún na hEorpa i dtaca le hIosrael

An Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha,Simon Harris
An Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha,Simon Harris

Tá an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha,Simon Harris, tar éis tús a chur le hiarracht taighleoireachta i measc thíortha eile an Aontais Eorpaigh le soiléireacht a fháil ó Choimisiún na hEorpa maidir le hIosrael.

Tá an Tánaiste ag iarraidh fháil amach cé chomh tapa is a ghníomhóidh an coimisiún le smachtbhannaí a ghearradh ar Iosrael.

Baineann sé seo leis an mbealach a bhfeictear Iosrael á iompar féin ina fheachtas míleata i Stráice Gaza agus an Bruach Thiar.

An tseachtain seo caite, dhearbhaigh Uachtarán Choimisiún na hEorpa,Ursula von der Leyen go dtabharfadh seisean chun cinn sraith beartas i dtaca le hIosrael.

Teastaíonn ón Tánaiste anois go gcuirfeadh aon tír eile san Aontas a dteastaíonn uaithi beartais thrádála a chur i bhfeidhm ar Iosrael a n-ainm le litir a sheolfar chuig Ard-Ionadaí an Aontais ar chúrsaí Gnóthaí Eachtracha agus Pholasaí Slándála.