Tá iar-shaighdiúir de chuid na Breataine á chur ar a thriail inniu sa Tuaisceart.
Tá Saighdiúir F mar atá tugtha air sa chúirt cúisithe i ndúnmharú bheirt fhear ar Dhomhnach na Fola in Eanáir na bliana 1972.
Tá sé á chúisiú freisin in iarrachtaí dúnmharaithe ar an lá fuilteach sin i nDoire ina ndeachaigh comhaltaí le harm na Breataine i ngleic le máirseáil chearta daonna.
Tá aitheantas an tsaighdiúra coinnithe faoi rún agus tá an áit ina bhfuil sé suite sa chúirt timpeallaithe ag cuirtín mór dubh.
Tá sé ráite go forleathan go ndeachaigh an t-arm thar fóir maidir leis an mbealach ar dhéileáil siad leis an slua ar lá Dhomhnach na Fola.
13 duine ar fad a maraíodh ar an lá, agus bhásaigh duine eile de bharr a chuid gortaithe ina dhiaidh sin.
Léirigh fiosrúchán poiblí de chuid na Ríochta Aontaithe ina dhiaidh sin nárbh aon bhagairt aon duine a maraíodh nó a goineadh an lá sin agus gur lámhachadh iad gan srian agus as éadan.
Tá Saighdiúir F ar a thriail faoi dhúnmharú William McKinney agus James Wray chomh maith le hiarracht a dhéanamh deirtear le cúigear eile a dhúnmharú.
Ar maidin dúirt an t-ionchúisitheoir, Louis Malby nach raibh aon ghá leis an lámhach agus go ndearnadh é ar mhaithe le marú nó ar a laghad ar bith daoine a ghoineadh go dona.
Dúirt an tUasal Malby ansin gur inis na saighdiúirí bréag nuair a dúirt siad go raibh airm á n-iompar ag na sibhialtaigh ar scaoileadh leo.
Léiríonn ráitis mhíleata go raibh Saighdiúir F ar an láthair agus gur scaoil sé urchair óna ghunna ar an lá.
Beidh a fhios níos deireanaí sa tseachtain an gceadófar na ráitis sin mar fhianaise sa chúirt.