skip to main content

Fear os comhair cúirte faoi bhás fir eile i dTiobraid Árann

Láthair an ionsaithe i dTiobraid Árann
Láthair an ionsaithe i dTiobraid Árann

Tugadh fear 31 bliain d'aois os comhair cúirte tráthnóna faoi bhás fir eile i dTiobraid Árann.

Cúisíodh Sean Harding a bhfuil seoladh aige ag Ardán Mhuire i mbaile Thiobraid Árann faoi bhriseadh isteach i dteach agus in ionsaí a dhéanamh a raibh díobháil coirp mar thoradh air.

Bhí Sean Harding os comhair na Cúirte Dúiche san Aonach níos túisce agus 4 chúis ar fad ina choinne.

Ceadaíodh saorchúnamh dlí dó.

Sean Harding arriving at Nenagh District Court
Sean Harding a bhí os comhair na cúirte tráthnóna

Ní raibh aon iarratas ar bannaí agus d'ordaigh an Breitheamh Fiona Brennan go gcuirfí cóir leighis ar fáil don fhear ar theacht chun an phríosúin dó.

Cuireadh Sean Harding siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sé os comhair Chúirt Dúiche Dhurlais arís ar nasc físe arú amárach.

Fear sna hochtóidí a maraíodh,bhásaigh sé aréir san ospidéal i ndiaidh an ionsaithe a tharla dó san oíche Dé hAoine.

Tá sé ainmnithe go háitiúil mar Teddy Murnane agus fuarthas é agus droch-bhail air i ngáirdín a thí cónaithe ag Ascal Naomh Micheál ar an mbaile.

Tharla an t-ionsaí go gairid i ndiaidh 9.30.

Rinneadh scrúdú dlíeolaíoch ar an láthair le roinnt laethanta anuas.

Deir na gardaí go bhfuil siad ag leanacht leis an bhfiosrúchán.

Tá siad ag iarraidh ar aon duine a bhí i gcomharsanacht láthair an ionsaithe idir 7 agus a 10 a'chlog san oíche Dé hAoine, nó a mbeadh aon fhíseán acu dul i dteagmháil leo.