Tá seacht mbliana príosún gearrtha ar shagart a fuarthas ciontach i mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar bhuachaillí, ag tosú breis agus dhá scór bliain ó shin.
Fuarthas An Canónach Patrick McEntee, atá 71 bliain bliain d'aois agus a bhfuil seoladh aige ar Bhóthar na hEascrach i gContae Thír Eoghain, ciontach i mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar cheathrar buachaillí i gColáiste Naomh Micheál in Inis Cheithleann idir 1978 agus 1989.
Dúirt an Breitheamh Richard Greene i gCúirt Chorónach Dhún Geanainn inniu gur phéidifileach é an Canónach McEntee a chreachadh ar leanaí a bhí faoin chúram.
Sna déaga luatha a bhí na buachaillí ag an am a rinneadh mí-úsáid orthu.
Mhair an triail breis agus coicís agus tugadh fianaise lena linn go dtugadh McEntee a íospartaigh chuig a chóiríocht phríobháideach.

Rinne íospartach amháin cur síos ar an tslí ar ghlaoigh McEntee isteach i seomra é agus ar thug sé íde béil dó faoina iompar sa rang. Ansin, a dúirt an t-íospartach, leag McEntee a lámh ar a bhall giniúna, tharraing sé síos a bhríste agus rinne sé ionsaí gnéis air.
I ndiaidh an ionsaithe, dúirt McEntee leis imeacht agus chuir sé fainic air gan trioblóid a tharraingt air féin arís.
Rinneadh dhá ionsaí eile ar an mbuachaill sin.
Dúirt íospartach eile gur mhinic go gcoinníodh McEntee siar i ndiaidh na scoile é. De ghnáth, bhíodh sé faoi choinneáil i gcóiríocht phríobháideach McEntee. Sheinneadh McEntee ceol clasaiceach ar sheinnteoir ceirníní agus d'iarradh sé ar an mbuachaill suí ar a ghlúin. Ansin, chuireadh McEntee a lámha ar an mbuachaill.
Agus rinne sé an rud céanna don tríú buachaill freisin.

a rinne sé
Thug an ceathrú íospartach fianaise faoina leithéid d’eachtraí freisin.
Shéan McEntee na líomhaintí ar fad, ag rá gur "bréaga" a bhí iontu.
Ach níor ghlac an giúire leis sin agus thug siad breithiúnas, d’aon ghuth, go bhfuil McEntee ciontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith.
Dúirt an breitheamh inniu gur léir nach bhfuil áiféala ar McEntee faoin méid a rinne sé. Beidh sé ar Chlár na gCiontóirí Gnéis go dtí go bhfaighidh sé bás.