skip to main content

Fear óg as Utah, 22 bliain d'aois, gafa maidir le feallmharú Charlie Kirk

Tyler Robinson is ainm don bhfear óg atá gafa maidir le feallmharú Charlie Kirk
Tyler Robinson is ainm don bhfear óg atá gafa maidir le feallmharú Charlie Kirk

Tá fear óg as Utah gafa ag na poilíní i Meiriceá maidir le feallmharú an ghníomhaire choimeádaigh, Charlie Kirk, a dheimhnigh Gobharnóir Utah Spencer Cox ar ball.

Níos túisce, dúirt Uachtarán Trump Mheiriceá, in agallamh ar an teilifís, go raibh sé "ionann is cinnte" go bhfuil an té atá freagrach gafa ag na poilíní. "Tá súil agam go ngearrfar píonós an bháis air", a dúirt an tUachtarán Trump.

Donald Trump speaking to Fox News programme Fox and Friends
"Tá súil agam go ngearrfar píonós an bháis air", a dúirt an tUachtarán Trump
in agallamh teilifíse níos túisce inniu

Tyler Robinson is ainm don té atá gafa. Tuairiscítear go ndúirt sé le duine muinteartha leis - nó gur thug sé le tuiscint dó - gur eisean a bhí freagrach as an marú. Agus gur ansin, go ndeachaigh an té ar inis Tyler Robinson faoin marú dó chun cainte le hOifig an tSirriam i gContae Washington.

Thug duine muinteartha le Tyler Robinson ráiteas do na poilíní, inar dhúirt sé go raibh ag géarú ar thuairimí polaitiúla Tyler Robinson le gairid agus gur labhraíodh sé go minic go dímheasúil faoi Charlie Kirk.

Maraíodh Charlie Kirk, 31, ag ollscoil in Utah ar an gCéadaoin nuair a scaoileadh úrchar amháin leis le linn dó a bheith ag caint os comhair 3,000 duine.

Spencer Cox Utah Governor
Gabh Gobharnóir Utah, Spencer Cox, buíochas le teaghlach Tyler Robison as "an rud
ceart a dhéanamh"

Tuigtear gurb as iardheisceart Utah do Tyler Robinson agus nach bhfuil sé ina mhac léinn san ollscoil ar maraíodh Charlie Kirk inti. Tuairiscítear go bhfuil sé 22 bliain d'aois. Ghabh Gobharnóir Spencer Cox buíochas le teaghlach Tyler Robinson as "an rud ceart" a dhéanamh.