Tá fear sna daichidí gafa ag na Gardaí mar chuid dá bhfiosrúchán maidir leis an bpléascadh i ngaráiste ar an ngCraoslach i 2022.
Maraíodh deichniúr sa phléascadh sa tsráidbhaile i nDún na nGall ar 7 Deireadh Fómhair 2022.
I ndiaidh ghabháil an fhir inniu, tá seisiúr, in iomlán, gafa go dtí seo maidir leis an bpléascadh. Ceistíodh an cúigear eile, agus scaoileadh saor gan chúis iad ar fad.

Gabhadh an fear is déanaí faoin Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997. Tá sé faoi choinneáil ag stáisiún de chuid na nGardaí i mBaile Átha Cliath. Ach deir an Garda Síochána go bhfuil an fiosrúchán fós faoi stiúir na nGardaí i nDún na nGall.
Tá áisíneachtaí stáit eile bainteach leis an bhfiosrúchán, mar shampla, an tÚdarás Sláinte agus Sabháilteachta agus an Coimisiún um Rialáil Fóntais.