Tá sé ráite ag Uachtarán Trump Mheiriceá go bhfuil té gafa maidir le feallmharú Charlie Kirk ar an gCéadaoin.
"Táim ionann is cinnte go bhfuil an duine faoi choinneáil ag na húdaráis cheana féin", a dúirt sé.
Thug sé le fios gur thug duine muinteartha leis an té go bhfuil amhras faoi ar láimh do na poilíní é.
"Tá súil agam go ngearrfar píonóis an bháis air", a dúirt sé.
Thug an tUachtarán le fios go raibh baint ag ministir leis an ngabháil. "Chuaigh an ministir chun cainte le hathair an té go bhfuil amhras faoi", a dúirt sé. Ní raibh an tUachtarán sásta a dheimhniú gur thuig an t-athair cén coir a bhí curtha i leith a mhic.
"Thiomáin siad isteach i gceannáras poilíneachta", a dúirt an tUachtarán Trump.

son Donald Trump.
Dúirt se go raibh sé cinnte go mbeadh fógra ar ball faoi. Ach, a dúirt sé, d'fhéadfadh athrú teacht ar an scéal.
Lámhachadh agus maraíodh an gníomhaire ar son na heite deise, Charlie Kirk, 31, agus é ag labhairt os comhair 3,000 duine in ollscoil in Utah ar an gCéadaoin.
Fear pósta a bhí ann a raibh beirt chlainne air. Bhí sé ar dhuine de na tacadóirí ba mhó a bhí ag Uachtarán Trump, ag druidim leis an toghchán, agus aithníodh é ar dhuine den dream ba mhó a ghríosaigh an aos óg chun vótáil ar son Donald Trump.