Tá sé fógartha ag an gcraoltóir seirbhíse poiblí san Ísiltír, AVROTROS, nach nglacfaidh siad páirt san Eoraifís i 2026 má tá Iosrael le bheith páirteach sa chomórtas amhránaíochta.
I ráiteas a foilsiodh inniu, thug AVROTROS le fios gur ghlac siad páirt go rialta i mbliana i gcainteanna le hAontas Craoltóireachta na hEorpa, an EBU, agus le craoltóirí náisiúnta eile, maidir le rannpháirtíocht Iosrael sa chomórtas. Beidh an Eoraifís ar siúl i Vín, príomhchathair na hOstaire, i 2026.
"Bunaíodh Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse i 1956 agus é mar aidhm aige tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile i ndiaidh tréimhse cogaíochta, ina raibh deighilt mhór idir tíortha. Is iad síocháin, comhionannas agus meas atá mar phríomhluachanna an chomórtais", a dúradh sa ráiteas.

na hEoraifíse, má ta Iosrael le bheith páirteach
Thug AVROTROS le fios nach féidir leo seasamh le rannpháirtíocht Iosrael níos mó, i bhfianaise na fulaingthe in Gaza. Léirigh an craoltóir imní chomh maith faoi shaoirse an phreasa in Iosrael agus Gaza
I rith na seachtaine, d'fhógair Raidió Teilifís Éireann nach nglacfadh siadsan páirt ach an oiread sa chomórtas má tá Iosrael rannpháirteach.

Eoraifís leis an bhfulaingt in Gaza
Dúirt RTÉ go ndéanfaidh sé a chinneadh deiridh ar an gceist nuair a shocróidh an EBU an mbeidh Iosrael i láthair don chomórtas nó nach mbeidh. Chuir Cumann na nIriseoirí in Éirinn, an NUJ, fáilte roimh fhógra RTÉ.
Níl cinneadh déanta ag an EBU ar an gceist go fóill, ach tá imní léirithe ag an Spáinn agus ag an tSlóivéin freisin faoi rannpháirtíocht Iosrael sa chomórtas. Tá súil go bhfógróidh craoltóirí náisiúnta na dtíortha sin go bhfuil siad le tarraingt as an gcomórtas sa chás go bhfógrófar go bhfuil Iosrael le páirt a ghlacadh ann.