Tá ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, ag iarraidh ar Éire Neamhspleách dul i bpáirt le hAontú chun vótáil ar son iarrthóra eile a sheasfaidh sa toghchán uachtaránachta. Ach deir Éire Neamhspleách nach vótálfaidh siad ar son Maria Steen mura bhfaigheann sí tacaíocht ó 16 ionadaí eile i dTithe an Oireachtais.
Caitheadh deich vóta inné i dTeach Laighean ar son an ghníomhaire choimeádaigh agus abhcóide, Maria Steen.
Caithfidh duine ar mhaith leis nó léi a bheith ina (h)iarrthóir sa toghchán uachtaránachta 20 vóta a fháil ó Sheanadóirí nó ó Theachtaí Dala, nó tacaíocht a fháil ó cheithre húdarás áitiúil. Mar sin, caithfidh Maria Steen tacaíocht a fháil ó dheichniúr eile i dTithe an Oireachtais, nó dul ag lorg tacaíochta ó na comhairlí áitiúla.

an ghníomhaire choimeádaigh agus abhcóide, Maria Steen
Ach tá sé ráite ag ceannaire Éire Neamhspleách, Michael Collins, nach bhfaighidh sí tacaíocht ón bpáirtí, mura bhfuil tacaíocht faighte aici cheana ó 16 ionadaí eile sa Seanad nó sa Dáil, ar a laghad. Tá ceithre vóta ag Éire Neamspleách.
Thug Peadar Tóibín le fios go bhfuil an rogha iarrthóirí atá deimhnithe go dtí seo thar a bheith teoranta agus gur tionscnamh dearfach a bheadh ann rogha níb leithne a thabhairt don phobal. Go dtí seo, tá triúr deimhnithe le bheith ina n-iarrthóirí: Catherine Connolly, ar son páirtithe áirithe ar an eite chlé, Jim Gavin, ar son Fhianna Fáil agus Heather Humphreys, ar son Fhine Gael.

ceathrar ina pháirtí siúd ar son Maria Steen, mura bhfaigheann sí
tacaíocht ó 16 Seanadóir nó Teachta Dála eile ar dtús
Thug Peadar Tóibín le fios inniu freisin nár mhaith leis féin seasamh sa toghchán uachtaránachta, mar tá ag éirí go maith faoi láthair le hAontú, a deir sé, agus ba mhaith leis a aird a dhíriú ar an bpáirtí.