Tá príomhaire Chatar le bualadh le hoifigigh shinsearacha Mheiriceá. Tá súil go bpléifear ionsaí Iosrael ar cheannairí Hamas in Doha le linn an chruinnithe. Tá súil freisin go labhróidh siad lena chéile faoin dul chun cinn atá déanta ó thaobh sos cogaidh a bhaint amach.
Tar éis an chruinnithe leis na hoifigigh shinsearacha, buailfidh Príomhaire Chatar, an Síc Mohammed bin Abdulrahman al-Thani, le Stát-Rúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, sa Teach Bán in Washington, a dheimhnigh an Roinn Stáit i Meiriceá inniu.
Tuairiscíodh sna meáin inniu freisin go bhfuiltear ag súil go mbualfaidh Príomhaire Chatar le hUachtarán Mheiriceá, Donald Trump, le Leas-Uachtarán Vance agus le toscaire speisialta na Stát Aontaithe, Steve Witkoff, chomh maith.

Aontaithe an ráiteas inar cáineadh an t-ionsaí ar Chatar
Rinneadh cáineadh géar ar fud an domhain ar ionsaí Iosrael ar Chatar. Dúirt ceannairí domhanda áirithe agus na Náisiúin Aontaithe gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bhí ann agus go bhfuil an baol ann go n-éireoidh an t-aighneas sa réigiún níos measa i bhfianaise an ruathair.
D'fhoilsigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ráiteas inné ar cáineadh an t-ionsaí. Ba ráiteas é a shínigh na baill ar fad den Chomhairle Slándála, na Stáit Aontaithe ina measc. Is comhghuaillithe iad Meiriceá agus Iosrael. Níor luadh Iosrael sa ráiteas, áfach.
Deir Uachtarán Trump gur comhghuaillithe iad Catar agus Meiriceá freisin.