Tá na poilíní sna Stáit Aontaithe fós sa tóir ar an té a mharaigh an gníomhaire de chuid na heite deise, Charlie Kirk, ar an gCéadaoin. Níl aon duine gafa acu go fóill.
Bhí Charlie Kirk ar dhuine de na tacadóirí ba mhó a bhí ag Uachtarán Trump Mheirceá agus tugadh aitheantas dó mar dhuine den dream ba mhó a ghríosaigh an aos óg chun vótáil ar a shon.
Bhí Charlie Kirk 31 bliain d'aois. Fear pósta a bhí ann, a raibh beirt chlainne air.

ar fud na Stát Aontaithe chun caint le sluaite faoina thuairimí coimeádacha
Feallmharaíodh é le linn dó a bhí ag labhairt os comhair 3,000 duine ag ollscoil in Utah. Tharla an t-ionsaí go gairid roimh a 8pm am na hÉireann ar an gCéadaoin agus deimhníodh go raibh Chairle Kirk tar éis bás a fháil dhá uair a chloig ní ba dhéanaí.
D’fhoilsigh an FBI ábhar ó cheamaraí slándála na hollscoile, inar léiríodh fear, gléasta i ndubh, i bhfolach taobh thiar de struchtúr ar fhoirgneamh. Sna híomhánna seo, ritheann an té amach ón áit go bhfuil sé ina fholach agus ritheann sé chuig imeall an fhoirgnimh agus ansin, léimeann sé anuas ar an talamh agus trasna an bhóthair chuig limistéir ina bhfuil crainn ag fás. Ba san áit sin a aimsíodh an gunna ar baineadh úsáid as chun Charlie Kirk a fheallmharú.

léimeann sé anuas ar an talamh
Tá tuilleadh íomhánna foilsithe ag na húdaráis freisin, a léiríonn go raibh an té a bhfuil amhras faoi ag caitheamh caipín daorchluiche dubh, spléacaí gréine, bríste dubh agus léine dhubh, a raibh bratach na Stát Aontaithe agus iolar uirthi.
Tá aird tarraingthe in athuair faoi chomh scoilte is atá muintir Mheirceá i láthair na huaire de bharr an fheallmharaithe seo.
Bhí Charlie Kirk an-choimeádach ina chuid tuairimí agus théadh sé timpeall na tíre le dul i mbun díospóireachta le daoine go raibh tuairimí difriúla acu.

Spencer Cox
Tá polaiteoirí den eite dheis agus den eite chlé araon tar éis a rá go gcaithfidh daoine teacht le chéile agus droim láimhe a thabhairt leis an bhforéigean agus leis an aighneas.
Deir Gobharnóir Utah, Spencer Cox, go bhfuil breis agus 7,000 duine i ndiaidh dul i dteagmháil leo agus go bhfuil siad ag fiosrú an eolais ar fad atá faighte acu ón bpobal.
"Ní thig linn ár jab a dhéanamh gan chúnamh ón bpobal", a dúirt sé.