skip to main content

'Siúlfaidh mé má fhaigheann McGregor cead cainte'-Comhairleoir FF

Conor McGregor agus an chosúlacht air go lorgóidh sé ainmniúchán ar an gcomhairle
Conor McGregor agus an chosúlacht air go lorgóidh sé ainmniúchán ar an gcomhairle

I bPort Láirge, tá sé ráite ag comhairleoir le Fianna Fáil go siúlfaidh sé amach má thagann Conor McGregor os comhair Chomhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge ag lorg ainmniúcháin do thoghchán na hUachtaránachta.

Beidh cruinniú speisialta den Chomhairle Contae agus Cathrach ar siúl i nDún Garbhán Dé hAoine seo chugainn.

Tuigtear do Nuacht TG4 go bhfuil Conor McGregor ag iarraidh cás a dhéanamh dó fhéin ag an gcruinniú.

'Masla d'Oifig an Uachtaráin é' a dúirt an Comhairleoir Jason Murphy 'má thugtar éisteacht do Conor McGregor agus ní fhanfaidh mé sa seomra fad a bheas sé ag caint'.

Tionólfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge cruinniú speisialta ag 2 a chlog, Dé hAoine seo chugainn i nDún Garbhán chun éisteacht le hainmniúcháin do thoghchán an Uachtaráin.

I ráiteas a chuir Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ar fáil do Nuacht TG4 inniu, foilseofar ainmneacha na ndaoine a bhfuil ainmniúchán á lorg acu, nuair a bheidh na doiciméid chuí curtha ar fáil acu don Chomhairle roimh an Luan seo chugainn, an 15 Meán Fómhair.

Le linn an chruinnithe speisialta, beidh cead ag gach iarrthóir cur i láthair 5 nóiméad a dhéanamh don Chomhairle, agus beidh seisiún ceisteanna agus freagraí 10 nóiméad ann ina dhiaidh sin.

Tuigtear go Nuacht TG4 go bhfuil Conor McGregor i measc na n-iarrathóirí go bhfuil iarratas déanta aige cás a dhéanamh dó fhéin ag an gcruinniú i nDún Garbhán Dé hAoine seo chugainn.

Tá sé seo ag cothú aighnis i measc chomhairleoirí áirithe, agus deir Jason Murphy go bhfuil sé i gceist aige an cruinniú a fhágáil má thagann Conor McGregor os comhair sheomra na comhairle.

Is Baile Seirbhíse Gaeltachta é Dún Garbhán, suite taobh leis an Rinn i nGaeltacht na nDéise.

Is i mBéarla a reachtáilfear an cruinniú ach deir Comhairle Contae & Cathrach Phort Láirge go mbeidh fáilte roimh iarrthóirí a gcur i láthair a dhéanamh i nGaeilge.

Amárach ag 5 i.n an spriocam atá leagtha ag an gcomhairle leis na hainmniúcháin a bheith istigh.