skip to main content

An t-éileamh do sheirbhísí Phobal Shíomóin ag méadú i mBÁC

An t-éileamh do sheirbhísí Phobal Shíomóin ag méadú i mBÁC
An t-éileamh do sheirbhísí Phobal Shíomóin ag méadú i mBÁC

Dúirt Pobal Shíomóin i mBaile Átha Cliath go raibh éileamh suntasach ar a chuid seirbhísí anuraidh i gcomparáid le 2023.

Bhí ardú 8% ar líon na ndaoine i 2024 ar chuir Simon lóistín ar fáil dóibh de réir a chuid figiúirí agus ardú 25% ar an líon duine a bhí gan dídean don bhliain chéanna.

'Léiríonn sé seo uilig a dhonacht is atá an ghéarchéim' a deir an charthanacht.

Féachann Pobal Shíomóin le breathú i ndiaidh na ndaoine atá gan dídean i mBaile Átha Cliath.

Dhá thrian de phobal na tíre atá gan dídean, is ansin atá siad.

'Teastaíonn' a deir Pobal Shíomóin 'plean náisiúnta tithíochta acmhainneach a thugann tús áite dóibh siúd atá ar an imeall'.