skip to main content

'Ní bheidh muid ag an gComórtas Eoraifíse má bhíonn Iosrael'-RTÉ

Agóidíócht láidir le tamall anois faoi rannpháirtíocht Iosrael sa chomórtas
Agóidíócht láidir le tamall anois faoi rannpháirtíocht Iosrael sa chomórtas

D'fhógair Raidió Teilifís Éireann inniu nach nglacfadh sé páirt i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse an chéad bhliain eile má bhíonn Iosrael rannpháirteach.

Dúirt RTÉ go ndéanfadh sé a chinneadh deiridh ar an gceist nuair a shocróidh Aontas Craoltóireachta na hEorpa (EBU) an mbeidh Iosrael i láthair don chomórtas nó nach mbeidh.

San Ostair a bheidh an comórtas i 2026.

Dúirt an craoltóir náisiúnta freisin nár dhóigh leis go mbeadh sé ceart ar bhealach ar bith go mbeadh Éirinn rannpháirteach le hIosrael sa chomórtas i bhfianaise a bhfuil á marú i Gaza faoi láthair.

Thug sé suntas freisin don méid iriseoirí atá i mbaol ionsaithe ó Iosrael, an bealach a bhfuil srian ar iriseoirí idirnáisiúnta isteach go Gaza agus cén bhail atá air na gialla atá fós á gcoinneáil thall ansin.