skip to main content

Beirt gafa i dtaca le achomharc McGregor

Nikita Hand a bhuaigh cás sibhialta a thug sí i gcoinne Chonor McGregor
Nikita Hand a bhuaigh cás sibhialta a thug sí i gcoinne Chonor McGregor

Tá beirt gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána bainteach le mionn éithigh más fíor a tugadh mar chuid den achomharc a bhí á dhéanamh ag an iar-throdaí MMA,Conor McGregor i leith cáis shibhialta a chaill sé.

Sheas an Ard Chúirt anuraidh le cás sibhialta a thug Nikita Hand, agus í ag maíomh gur éignigh McGregor í in óstán i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 2018.

Shocraigh Conor McGregor ar achomharc, thriail sé fianaise nua a thabhairt isteach sa gcás ach tharraing siar ansin an t-iarratas gan choinne agus an éisteacht achomhairc ar tí tosaí.

D'iarr aturnae Nikita Hand ansin go gcuirfí an scéal faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúisimh Phoiblí agus dá réir chuaigh Biúró Náisiúnta an Fhiosrúcháin Choiriúlachta i mbun gnímh.

Bean agus fear atá gafa agus á gceistiú ag na gardaí i mBaile Átha Cliath faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.

Is féidir an bheirt a choinneáil ar feadh 24 uair a chloig.