skip to main content

Bean ón tír seo ó dhúchas i mbaol díbeartha i SAM

Donna Hughes-Brown á coinneáil in ionad den chineál seo
Donna Hughes-Brown á coinneáil in ionad den chineál seo

Tá sé ráite ag fear céile saoránaigh ón tír seo atá i mbaol a díbeartha óna Stáit Aontaithe go bhfuil sé dulta ó mheabhair air cén chaoi a bhfuil a bhean chéile sa ghámh ina bhfuil sí thall ansin.

Deir Jim Brown, fear éile Donna Hughes-Brown go bhfuil súil aige go mbeidh foireann dlí a mhná céile in ann cás láidir a dhéanamh ag éisteacht faoi cheann seachtaine, ionas nach ndíbreofar as an tír í.

Ghabh póilíní Donna Hughes-Brown i mí Iúil i mbliana i ndiaidh di filleadh ar na Stáit Aontaithe ó Éirinn.

Tá cárta glas aici agus cónaí uirthi sna Stáit Aontaithe ó bhí sí 11.

Bhain a gabháil sa Samhradh le seic a scríobh sí i 2015 gan dóthain airgid a bheith sa mbanc aici.

Socraíodh an cás sin ag an am agus d'aisíoc sí an t-airgead.

Fós féin, tógadh Donna ag an aerfort i Chicago 2 mhí ó shin, coinníodh í ar feadh 5 lá sular seoladh ansin í chuig ionad coinneála ICE i Stát Kentucky, áit a bhfuil sí ó shin.

Tá na dlíthe díbeartha sna Stáit Aontaithe géaraithe go mór ó tháinig Donald Trump chun cinn mar uachtarán i mí Eanáir seo caite.

Is féidir aon duine, nach saoránach é a dhíbirt má tá aon chiontú coiriúlachta ar an taifead ina choinne.

Deir Jim Brown áfach gur ar choirpigh chontúirteacha a bhí na dlíthe seo dírithe go príomha, ach gur léir i gcás a mhná céile go bhfuil mion-choireanna i gceist chomh maith.

chóir na dlíthe seo a dhíriú