Tá iar-Stát Rúnaí an Tuaiscirt,Peter Mandelson briste as a phost mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe chun na Stáit Aontaithe.
Dúirt Roinn Gnóthaí Eachtracha na Breataine gur socraíodh seo a dhéanamh i bhfianaise an chaidrimh a bhíodh ag Mandelson leis an gciontóir gnéis nach maireann,Jeffrey Epstein.
Tháinig fianaise nua chun cinn a dúradh le gairid a léiríonn go raibh caidreamh agus ceangal níos cairdiúla idir an bheirt ná an méid a bhí tugtha le fios nuair a ceapadh Mandelson i bpost an ambasadóra.
Baineann sé le nóta a sheol sé chuig Epstein ina ndúirt sé go mba dlúthchara leis é.
Dúradh freisin go raibh an cruthúnas ann go raibh tacaíocht Mandelson ag Epstein i gcónaí, fiú agus Epstein ciontaithe i gcoireanna tromchúiseacha gnéis.
Dúirt Príomh-Aire na Breataine,Keir Starmer gur bhraith sé nach raibh an dara rogha aige ach Mandelson a bhriseadh i bhfianaise an eolais nua seo a bhí tagtha chun cinn.