skip to main content

Póilíní sa tóir ar an té a mharaigh Charlie Kirk

Charlie Kirk.Ag gríosadh na tacaíochta anseo do Donald Trump
Charlie Kirk.Ag gríosadh na tacaíochta anseo do Donald Trump

Tá na póilíní sna Stáit Aontaithe fós sa tóir ar an té a mharaigh duine de na tacadóirí is mó atá ag uachtarán na tíre,Donald Trump.

Goineadh an gníomhaí polaitiúil, Charlie Kirk (31) nuair a lámhachadh é ag ollscoil i stát Utah inné.

Tharla an t-ionsaí go gairid roimh a 8 a chlog am na hÉireann inné.

Bhásaigh Charlie Kirk 2 uair a chloig ní ba dheireanaí.

Charlie Kirk in a white tshirt and microphone in hand speaking at Utah Valley University
Charlie Kirk-Íomhá ó Getty

Deir na húdaráis thall ansin tráthnóna go dtángthas ar raidhfil i gceantar coille agus go raibh breis fiosrúcháin ar siúl ina thaobh.

Tá pictiúir den fhear atá á lorg ag na póilíní maidir leis an dúnmharú foilsí acu tráthnóna

Níos túisce inniu scaoil na póilíní saor beirt eile a bhí siad a cheistiú faoin eachtra seo.

Dúirt an tUachtarán Trump gur mhairtíreach a throid ar son na fírinne agus na saoirse ab ea Charlie Kirk.

D'iarr sé go mbeadh gach aon bhrat ar an Teach Bán agus foirgnimh rialtais eile ar leath-chrann as seo go Domhnach.

Bhuail Donald Trump an milleán faoin marú ar 'radacaithe de chuid na heite chlé'.

US President Donald Trump address at Pentagon
An milleán á bhualadh ag Trump ar radacaithe na heite chlé

Dúirt seisean go bhfuil na radacaithe seo ag cothú cuid mhór den fhoiréigean polaitiúil sa tír.

Dúirt Gobharnóir Utah,Spencer Cox gur feallmharú polaitiúil a bhí anseo.

Ba ó Stát Illinois Charlie Kirk ó dhúchas.

Bhí tuairimí láidre aige de chuid na heite deise agus chraobhscaoil sé iad go tréan, i measc na n-óg go háirithe.

Deirtear go raibh baint nach beag aige freisin leis an dul chun cinn polaitiúil atá déanta ag Donald Trump.