Deir ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go bhfuil muinín aige as tacaíocht chomhairleoirí áítiúla do Jim Gavin, iarrthóir uachtaránachta an pháirtí.
Bhí sé ag labhairt ar maidin tar éis cinneadh Fhianna Fáíl gan a chur ar chomhairleoirí áítiúla vótáil in aghaidh iarrthóirí neamhspleácha atá ag lorg aimniúcháin don toghchán ó chomhairlí áitiúla.
Deir Micheál Martin gurb é a tuigeann sé ó comhairleoirí an pháírtí go bhfuil móramh acu ag tacú go láidir le Jim Gavin.
Ní bheidh an fógra aoire á chur ar bhaill an pháirtí ach iarrfar orthu 'gach is féidir' a dhéanamh chun tacú leis.
Dúirt James Lawless, an tAire Ardoideachais go raibh an páirtí ag súil leis na tacaíocht seo ó na comhairleoirí.
Ach tá míshuaimhneas i bhFianna Fáil faoin gcaoi ar roghnaíodh Jim Gavin mar iarrthóir. Dúirt Deirdre Kelly inné, aoire an pháirtí i gCorcaigh, go gcaithfeadh siad feasta athmhacnamh a dhéanamh ar an bpróiséas mar nach rabhthas ag labhairt le baill na n-údarás áitiúla.
Bhí an baol ann a dúirt sí go raibh na daoine seo agus gnáthbhaill an pháirtí á gcur ó dhoras ag an gcóras seo.
Tá treoir tugtha ag Fine Gael dá gcuid comhairleoirí siúd gan vótáil ar son iarrthóirí neamhspleácha.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nach mbeadh aon ordú á thabhairt do comhairleoirí an pháírtí sin, agus gur daoine réasúnta agus stáidéartha iad.