Smachtbhannaí ar lonnaitheoirí Iúdacha sa Bhruach Thiar agus codanna den Chomhaontú Comhcheangail idir an AE agus Iosrael a chur ar fionraí: sin an dá fholáireamh a bhí ag Uachtarán Choimisiún na hEorpa Ursula von der Leyen agus í ag tagairt don chogadh i nGaza ina ráiteas don Phairlimint i Strasbourg ar maidin.
Dúirt von der Leyen go bhfuil coinsias an domhain craite ag a bhfuil ar bun i nGaza: daoine á marú agus iad ar thóir bhia, nó máíthreacha agus páistí gan lúth ina mbaclainneacha.
Íomhánna anachana iad seo, a dúirt sí.
Ní féídir an gorta a úsáid mar ghléas cogaidh, a dúirt sí, agus ar mhaithe leis na páistí agus ar son na daonnachta, ní mór é seo a stop.
Cháin von der Leyen freisin plúchadh Údarás na Pailistíne agus pleananna Iosrael na háitrimh ar an mBruach Thiar a leathanú amach, rud a ghearrfadh amach ó Oirthear Iarúasailéím é.
Taispeánann seo, a dúirt sí, iarracht Iosrael an bonn a bhaint de shocrú an dá stáit, agus an bonn a bhaint de stát Pailistíneach a bheadh inbhuanaithe. Ní féídir ligean dó seo tarlú, ar sí.
Thug sí aghaidh freisin ar an bhfearg atá san Eoraip leis an easpa comhaontaithe san AE maidir le Gaza. Tá daoine ag fiafraí, a deir sí, cé chomh dona agus is gá do chúrsaí Gaza a dhul sula mbeidh comhaontú ina leith seo.
Ní mó don Eoraip dul i gceann an bhealaigh a dúirt sí, mar atá déanta cheana. Tá an Eoraip tiomanta d'Údarás na Pailistíne atá inbhuanaithe agus do shocrú an dá stáit, agus ní mór dúinn a áiteamh ar fhorais eile teacht linn go pras.