skip to main content

Tiomáint faoi thionchar cócaoin admhaithe ag iarTheachta Dála, Colm Keaveney

Bhí andúil i gcócaon ag an iarTheachta Dála Colm Keaveney agus dúirt a dhlíodóir inniu go bhfuil clár athshlánúcháin ó dhrugaí curtha i gcrích aige
Bhí andúil i gcócaon ag an iarTheachta Dála Colm Keaveney agus dúirt a dhlíodóir inniu go bhfuil clár athshlánúcháin ó dhrugaí curtha i gcrích aige

Tá sé admhaithe ag iarTheachta Dála gur thiomáin sé faoi thionchar cócaoin. Stopadh Colm Keaveney ag seicphointe de chuid na nGardaí i gContae na Gaillimhe i Meitheamh 2023.

Bhí sé os comhair Chúirt Dúiche Thuama inniu maidir leis an gcúis sin. Agus phléadáil sé ciontach i ndá chúis eile freisin, a bhain le tiomáint gan árachas.

Cuireadh an cás siar deich n-uaire cheana féin, ach bhí sé os comhair an Bhreithimh James Faughnan inniu arís.

Thug an Sáirsint Christy Browne fianaise sa chúirt gur gabhadh an tUasal Keaveney ag seicphointe ar 12 Meitheamh 2023 tar éis do scrúdú drugaí a bheith déanta air. Léirigh an scrúdú sin go raibh cócaon glactha aige agus theip air dá bharr.

Rinneadh anailís ar fhuil an Uasail Keaveney ina dhiaidh sin agus léirigh an anailís sin freisin go raibh cócaon ina shruth fola.

Ansin, i mí Iúil na bliana seo caite, stopadh é ar dhá ócáid ar leith mar nach raibh diosca árachais bailí ar taispeáint ar a charr.

Colm Keaveny ag dul isteach i dTeach na Cúirte i dTuaim i 2024

Tugadh fianaise sa chúirt gur ciontaíodh an tUasal Keaveney i ndá chúis roimhe seo. Gearradh cosc tiomána ceithre bliana air mí Iúil seo caite agus gearradh fineáil €250 air.

Bhain na píonóis sin le heachtra i Mainistir na Búille i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Níor stop an tUasal Keaveney i ndiaidh dó feithicil eile a bhualadh agus dhiúltaigh sé sampla fola nó fuail a chur ar fáil ina dhiaidh sin.

Dúirt dlíodóir ar son an Uasail Keaveney gur ionadaí tofa a bhí ann, a d'fhualaing de bharr andúil i gcócaon a bheith aige.

Thug sé le fios go bhfuair deartháir leis an Uasal Keaveney bás i 2016 agus gur fágadh an tUasal Keaveney ina aonar mar chúramóir dá thuismitheoirí aosta.

Tuigeann an tUasal Keaveney tionchar a chuid gníomhartha, a dúirt an dlíodóir, agus tá clár athshlánúcháin ó dhrugaí curtha i gcrích aige.

Bhí Colm Keaveney ina Theachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ar dtús, ach ansin chuaigh sé
isteach i bhFianna Fáil. Chaill sé a shuíochán sa Dáil i 2016

Dúirt sé go bhfuil an tUasal Keaveney anois ag maireachtáil ar liúntas míchumais agus go bhfuil sé toilteanach tabhairt faoi sheirbhís phobail mar phíonós, má mheasann an chúirt gur píonós cuí é sin.

Tá tuairisc príomhaidh ordaithe ag an mbreitheamh agus beidh an cás os comhair na cúirte arís i mí na Samhna.

Toghadh an tUasal Keaveney ina Theachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i nGaillimh Thoir i 2011. D'fhág sé Páirtí an Lucht Oibre i 2011 agus chuaigh sé isteach i bhFianna Fáil. Chaill sé a shuíochán san olltoghchán i 2016 agus chaith sé tréimhse ar Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Níl sé ina ionadaí tofa d’aon saghas níos mó.