skip to main content

Tá Energia le 12.1% d'ardú a dhéanamh ar phraghsanna leictreachais. Tá 292,000 custaiméir ag Energia in Éirinn

Tá Energia le 12.1% d'ardú a dhéanamh ar phraghsanna leictreachais. Tá 292,000 custaiméir ag Energia in Éirinn
Tá Energia le 12.1% d'ardú a dhéanamh ar phraghsanna leictreachais. Tá 292,000 custaiméir ag Energia in Éirinn

Tá Energia le 12.1% d'ardú a dhéanamh ar phraghsanna leictreachais. Is ionann sin agus – ar an meán - ardú de €200 ar bhillí leictreachais custaiméirí in aghaidh na bliana.

Tá 292,000 custaiméir ag Energia in Éirinn. Deir siad go dtiocfaidh an t-ardú i bhfeidhm ó 9 Deireadh Fómhair.

Tiocfaidh ardú 10.9% ar an bpraghas a íocann custaiméirí ar ghnáth-tharaifí as a leictreachas. Is ionann sin agus – ar an meán - €205 d’ardú ar a gcuid billí in aghaidh na bliana.

Tiocfaidh 6% d’ardú ar bhillí custaiméirí atá ar phlean débhreosla, nó €204 d’ardú ar bhillí in aghaidh na bliana.

Ach tiocfaidh 12.1% d’ardú ar chustaiméirí atá ar phlean a bhaineann le méadar cliste.

Dúirt Energia nach bhféadfaidís na harduithe a sheachaint, i bhfianaise na n-arduithe síoraí atá á ndéanamh ag oibritheoir an chórais leictreachais,

I ráiteas, thug Energia le fios go ndearnadh oiread agus ba chuí sular fógraíodh na harduithe seo leis an tionchar ar chustaiméirí a mhaolú. Ach, a dúirt siad, ní fhéadfaidís iad a sheachaint, i bhfianaise na n-arduithe síoraí atá á ndéanamh ag oibritheoir an chórais leictreachais, agus i bhfianaise na bpraghsanna gréasáin.

Thug Energia le fios go dtuigeann siad go mbeidh deacrachtaí ag roinnt custaiméirí ó thaobh a mbillí leictreachais a íoc. Chuir siad comhairle ar aon chustaiméir go bhfuil deacrachtaí acu teagmháil a dhéanamh leo agus go ndéanfaidh siad oiread agus is féidir le tacaíocht a chur ar fáil dóibh.