skip to main content

Ionsaí déanta ag Iosrael ar cheannairí Hamas in Doha. Deir Hamas gur tháinig na ceannairí slán ón ionsaí

Bhí pléascthaí le cloisteáil in Doha, agus deatach le feiceáil os cionn na cathrach
Bhí pléascthaí le cloisteáil in Doha, agus deatach le feiceáil os cionn na cathrach

Tá Iosrael tar éis ionsaí a dhéanamh ar cheannasaíocht Hamas i príomhchathair Chatar, Doha. Deir oifigigh de chuid Hamas gur díríodh ar fhoireann idirbheartaíochta Hamas san ionsaí, le linn do na ceannairí a bheith i mbun cruinnithe.

Bhí pléascthaí le cloisteáil, agus deatach le feiceáil os cionn Doha, de réir finnéithe a labhair le Reuters.

Tá sé deimhnithe ag Iosrael freisin gurbh iad ceannairí Hamas a bhí mar sprioc acu san ionsaí, Khalil al-Hayya, ceannaire Hamas in Gaza ina measc. I ráiteas a eisíodh ar ball, deir Hamas gur tháinig na ceannairí slán ón ionsaí.

Tá sé deimhnithe ag Iosrael freisin gurbh iad ceannairí Hamas a bhí mar sprioc acu san ionsaí, Khalil al-Hayya, ceannaire Hamas in Gaza ina measc.

I ráiteas a d'eisigh fórsaí Iosrael ar ball, dúirt siad:

"Le blianta anuas, bhí sceimhlitheoireacht Hamas faoi stiúir na gceannairí seo. B’iadsan a bhí freagrach as an slad ar 7 Deireadh Fómhair 2023. Is iadsan atá ag stiúradh agus ag bainistiú an chogaidh i gcoinne Iosrael. Sula ndearnadh an t-ionsaí seo, rinneamar oiread agus ba chuí leis an mbaol do shibhialtaigh in Doha a mhaolú. Ionsaí spriocdhírithe a bhí ann."

Ach deir Roinn Ghnóthaí Eachtracha Chatar gur léir gur sárú é an t-ionsaí seo ar an dlí idirnáisiúnta. "Ní chuirfimid suas leis an iompar meargánta seo de chuid Iosrael", a dúirt siad. "Bíonn siad ag cur shlándáil an réigiúin i mbaol de shíor." Thug na húdaráis in Doha le fios freisin gur "bagairt thromchúiseach" iad na hIosraelaigh do mhuintir Chatar.