Tá Daonlathaigh i dTeach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe i ndiaidh litir a líomhnaítear a scríobh Uachtarán Trump Mheirceá chuig Jeffrey Epstein a chur ar fáil go poiblí. Líomhnaítear gur scríobh Donald Trump an litir chuig Epstein i 2003 agus gur ghuígh sé breithlá sona don chiontóir gnéis inti.
Deir an Teach Bán gur bréaglitir í.
D'fhoilsigh an Wall Street Journal alt i mí Iúil, inar líomhnaigh siad go raibh a leithéid de litir ann. Agus tá an chuma ar an litir atá curtha ar fáil go poiblí ag na Daonlathaigh inniu go bhfuil sí sínithe ag an Uachtarán Trump. Ach shéan Donald Trump gur shínigh sé litir den tsaghas sin agus séanann sé gur fíorlitir bharantúil í in aon chor.

D’fhoilsigh Daonlathaigh ar Choiste Maoirseachta Theach na nIonadaithe an litir i ndiaidh do dhlíodóirí de chuid Jeffrey Epstein leabhrán ina raibh teachtaireachtaí scríofa dó dá chaogadú breithlá a chur ar fáil do Chomhdháil na Stát Aontaithe.
Scríobhadh na teachtaireachtaí i 2003, trí bliana sular deimhníodh go raibh líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis déanta i gcoinne Jeffrey Epstein i 2006.
Sa litir a líomhnaítear a scríobh Donald Trump, tá téacs de chomhrá idir an tUasal Trump agus Jeffrey Epstein. Tugann Uachtarán Trump "mo chara" ar Jeffrey Epstein. Líomhnaítear gur scríobh an tUasal Trump freisin: "go raibh gach lá amach romhainn ina rún iontach." In aice leis an teacs sin, tá pictiúr garbh de bhean nocht tarraingthe.

an teacs, "go raibh gach lá romhainn ina lá iontach".
Dúirt urlabhraí ar son an Tí Bháin inniu nach ionann síniú Donald Trump agus an síniú atá ar an litir agus thug sé le fios go bhfuil sé i gceist ag an Uasal Trump cás dlí a thógáil i gcoinne mháthairchomhlacht an Wall Street Journal.